Sólás na nÓg
![](https://www.glornamona.com/wp-content/uploads/2023/11/Solas-na-nOg-Logo-780x470.jpg)
Is soláthar oideachais neamhfhoirmeálta é Sólás na nÓg atá saincheaptha nuálach agus a
dhéantar go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Riarann sé ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais
éagsúla foghlama, fhisiciúla, shóisialta, mhothúchánacha agus iompair acu.
Is céim mhór í seo don earnáil i dtaca le seirbhísí óige do dhaoine óga le sainriachtanais seirbhís a bheith ar fáil acu taobh amuigh den scoil/seomra ranga. Is cúis cheiliúrtha í seo is tá muid ag iarraidh an scéal seo a scaipeadh. Bíonn an sainchumann óige ag titim amach go seachtainiúil le roinnt imeachtaí agus gníomaíochtaí le sult, spraoi & cairdeas a chothú. Ba mhaith le Sólas na nÓg fáilte a chur roimh dhaoine óga clarú & a bheith páirteach sa tógra iontach seo!
Luan | Céadaoin | Aoine
Sóisir – 6i.n.-8i.n.
Sinsir – 8i.n.-10i.n.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Pádraigín Nic Mhathúna
07568474348 | 02890234442
padraigin@glornamona.com