Ginearálta

Tá Glór na Móna ag céiliúradh ‘Fiche Bliain Ag Fás’

Tá eagraíocht Ghaeilge Iarthar Bhéal Feirste ag óstáil dinnéar céiliúrtha cinniúnach i Halla na Cathrach Bhéal Feirste ag comóradh fiche bliain a bhunaithe

Is eagraíocht áitiúil Ghaeilge agus Óige í Glór na Móna atá ag eagrú dinnéar céiliúrtha fiche bliain i Halla na Cathrach Bhéal Feirste chun comóradh scór bliain d’fhorbairt pobail agus de ghníomhaíochas pobalbhunaithe teanga.

Bhunaigh gasra gníomhaithe pobail agus mic léinn a raibh rún acu deiseanna oideachais agus sóisialta a sholáthair don phobal Ghaelach áitiúil san Uachtar Chluanaí in 2004 í.

Chomh maith le hobair óige Ghaeilge cheannródaíoch i mBéal Feirste, bíonn Glór na Móna ar thús cadhnaíochta maidir le hoideachas pobail, daonlathas rannpháirtíoch, tionscadail a dhíríonn isteach ar sheachadadh teanga ó ghlúin go glúin is úsáid shóisiálta teanga, le cois stair an phobail áitiúil agus aisghabháil oidhreachta.

Tháinig fás suntasach ar thionchar na heagraíochta i measc an phobail i ndiaidh oscailt  ionad pobail dá cuid féin, Gaelionad Mhic Goill, in 2016.

Agus é ag machnamh ar chuspóir na hoíche, mhaígh oibrí de chuid Ghlór na Móna, Feargal mac Ionrachtaigh:

“Is é príomhchuspóir na hoíche ná comóradh, machnamh agus céiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle stairiúil é seo: fiche bliain. Tá muid ag tarraingt phobal Ghlór na Móna mar a bhí agus mar atá le chéile don chéiliúradh speisialta seo de ghníomhaíochas radacach pobail. Cuireann muid béim i gcónaí ar an dóigh a seasann Glór na Móna ar ghuallí na bhfathach, na gníomhaithe spreagúla sin a chuir síolta na hathbheochana is a leag na dúshraitheanna siúd a bhfuil muidne ag tógáil orthu. Chuige sin, seolfaidh muid leabhrán comóradh fiche bliain ina mbeidh fiche beathaisnéis ghairid ónár gcuid cairde, comhghleacaithe agus comrádaithe a d’oibrigh linn le fiche bliain anuas.

“Chomh maith le céiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar scór bliain de ghníomhaíochas pobalbhunaithe, beidh an imeacht seo ina ócáid tiomsaithe airgid ríthábhachtach don tionscadal caipitil atá ar na bacáin againn: Croí na Carraige. Is ionad ilfheidhme óige, pobail agus oidhreachta lán-Ghaeilge é Croí na Carraige a bheas suite sa láithreán thréigthe atá taobh leis an Ghaelionad. Chuir líon na n-eagraíochtaí áitiúla is náisúnta Gaeilge, na n-eagraíochtaí áitiúla pobail, na gcumann CLG agus na ngnólachtaí áitiúla a d’aontaigh tábla a cheannacht ag tacú leis an tionscadal caipitil seo tocht orainn.

“Cuirfear gach aon phingin a bheas bailithe ar an oíche i dtreo an tionscadail shuaitheanta seo, Croí na Carraige, a d’éirigh le cead pleanála a fháil i mí an Mhárta agus a fuair gealltanas maoiniú suntasach ón Chomhairle Chathair Bhéal Feirste agus ón Chiste Infhéistíochta Gaeilge.”

Maidir le siamsa agus le socruithe na hoíche, mhaígh eagraí imeachta, Sorcha nic Cathmhaoil:

“Tá lúcháir orainn gur aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go dtacódh sí leis an imeacht seo agus go mbeadh sí dár n-óstáil ina mórbhálseomra. Is í seo an imeacht chríochnaitheach a bheas againn mar chuid dár bhféile bhliantúil, Féile na Carraige.”

Cuirfear tús leis an oíche trí fháiltiú seaimpéin ag 6 i.n. le béile trí chúrsa ina dhiaidh agus scoth an tsiamsa le ceoltóirí sárchumasacha, Niamh nic Ionrachtaigh, Bláithín mhic Cana, Piaras ó Lorcáin agus na Johnny Quinn Macs san áireamh.

Chomh maith leis sin, taispeánfar físeán gairid a léiríonn gníomhaíochas tiomanta phobal Ghlór na Móna le scór bliain anuas.

Tá praghas na dticéad thar a bheith réasúnta, £40 an duine, ach tá said ag díol amach go tiubh (ceannaigh anseo: https://shorturl.at/txNj0)

Mholfaí do dhuine ar bith a bhfuil suim acu ticéad a cheannacht nó tacaíocht a thabhairt do Ghlór na Móna trí mheán urraíochta teagmháil a dhéanamh léi ag oifig@glornamona.com nó scairt a chur ar 0290 234 442.

Tá an dinnéar céiliúrtha seo ag titim amach mar chuid den fhéile bhliantúil Ghlór na Móna, Féile na Carraige. Amharc ar an chlár iomlán ag an nasc seo a leanas: https://www.glornamona.com/ginearalta/clar-fheile-na-carraige-2024-anois-ar-fail/

Sonraí teagmhála Fhearghail: feargal@glornamona.com

Sonraí teagmhála Shorcha: sorcha@fisanphobail.com

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button