Pat Bracken: Cur Chuige Úr don tSláinte Mheabhrach
Sraith úr cainteanna seolta mar chuid d’Fhéile na Carraige
Thug an síciatraí Dr Pat Bracken, a bhfuil clú domhanda air, an chéad chaint ar shraith dírithe ar chur chuige úra maidir le ‘Sláinte is Folláine’ ina raibh 100 duine i láthair.
Seoladh sraith úr cainteanna ceannródaíoch ar shláinte mheabhrach, ‘Curious Minds Will Find a Way – Cur Chuige Úr do Shláinte is Folláine’, ar an Chéadaoin 18 Deireadh Fómhair ag 12.30pm i Naomh Chomgall, Bóthar na bhFál mar chuid d’fhéile Iarthar Bhéal Feirste, Féile na Carraige.
Tháinig an feachtas ‘Script Úr don tSláinte Mheabhrach’ ag teacht le chéile le Glór na Móna, eagraíocht Óige agus Pobal trí mheán na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste chun comhráite criticiúla a chothú ar an chur chuige atá ann faoi láthair maidir leis an tsláinte mheabhrach agus maidir le súil a chaitheamh ar mhúnlaí leighis malartacha seachas an múnla ceannasach.
Ghlac an síciatraí iomráiteach Dr Pat Bracken páirt sa chomhrá tionscnaimh, faoi agallamh ag an Dr Eilish Rooney, iarstiúrthóir ar an Institiúid Cheartas Idirlinne agus léachtóir ar Fhorbairt Phobail in Ollscoil Ulaidh.
Oibríonn Dr Pat Bracken chun saineolas na ndaoine le taithí shaoil ar riochtaí shláinte mheabhrach a chuir chun cinn agus is urlabhraí é ar an chur chuige téarnaimh é. Cuireann sé ‘síciatraí criticiúil’ air féin agus ba dhuine de na bunaitheoirí Ghréasán Síciatracht Chriticiúil é Dr Bracken a d’oibrigh thíos tíre ar feadh na mblianta, agus a chuidigh treoirleabhar a bhí foilsithe in 2021 maidir le dea-chleachtas don Eagraíocht Leighis Dhomhanda (ELD) a thaighdiú agus a scríobh.
Mhínigh Sara Boyce, eagraí ‘Script Úr don tSláinte Mheabhrach’, cén fáth ar tháinig a bhfeachtas sláinte meabhrach i ndlúthpháirtíocht le Glór na Móna don tsraith chainteanna:
”Ó Na Náisiúin Aontaithe agus ón ELD ag leibhéal domhanda, go daoine i bpobail áitiúla fud fad na háite, tá gluaiseacht ag fás chun bogadh ar aghaidh ón múnla íocleasaithe seanchaite maidir leis an tsláinte mheabhrach. Chun aird a ghlacadh ó neamhchothroime cheimiceach agus é a dhíriú ar neamhchothroime chumhachta. Is maith a thuigeann daoine an dochar a dhéanann an múnla indibhidiúlaigh íocleasaithe seo.
“Léiríonn na torthaí den chomhairliúchán phobail an ‘Script Úr’ gur lé chéile atá réitigh acu siúd ag úsáid agus ag obair sna seirbhísí shláinte mheabhrach don ghéarchéim faoi láthair, réitigh a chuireann caidreamh agus rogha ag croílár na ceiste. Réitigh a théann i ngleic le comhthéacs saolta na ndaoine. Tá lúcháir orainn comhoibriú don tsraith cainteanna le Glór na Móna, eagraíocht pobalbhunaithe atá tiománta do shláinte agus folláine tríd páirteachas agus dlúthpháirtíocht.”
Mhaígh Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh:
“Tá áthas an domhain orainn comhoibriú leis an fheachtas Script Úr don tSláinte Mheabhrach atá ag tógáil gluaiseacht spreagúil agus cumhachtach ón bhun aníos agus atá ag troid ar son chur chuige níos daonna i dtaca le ciapadh mothúchánach.
“Is ionann sprioc Fhéile na Carraige agus spásanna orgánacha cruthaitheacha a chuir ar fáil do mhuintir an phobail teacht le chéile chun smaoineamh go criticiúil faoi na bealaí chun muid féin a eagrú agus dúshlán a thabhairt ar neamhionannas agus dhúshaothrú na cosmhuintire.
“Ar an dóigh seo, is urlabhraí foirfe é an Dr Pat Bracken chun an tsraith chainteanna seo a sheoladh atá mar aidhm aige dúshlán a thabhairt ar na múnlaí doshrianta agus indibhidiúlaigh teoranta a íocleasaíonn pian agus ciapadh mothúchánach. Tá gníomhaithe an Script Úr ag tarraingt aird ar an ghá le tús áite a thabhairt do ‘céadrogha, caidreamh agus cosmhuintir’ agus muid ag labhairt faoin bhealach chun cur chuige a fhorbairt in éineacht bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus folláine. Is bua ollmhór é do phobal Iarthar Bhéal Feirste gur aontaigh Pat chun páirt a ghlacadh sa chomhrá.”
Dúirt an Dr. Pat Bracken:
“Is mór an onóir dom páirt a ghlacadh i bhFéile na Carraige in Iarthar Bhéal Feirste. Tá daoine ar fud na cruinne ag déanamh iarracht bogadh ar aghaidh ó na dearcthaí seanchaite maidir le ag smaoineamh faoi agus ag tabhairt aghaidh ar streachailt agus géarchéimeanna shláinte mheabhrach. Tá bealaí úra chun labhairt faoin mheabhairshláinte ag teacht chun cinn ón bhun aníos i measc iad siúd atá taithí shaoil acu chomh maith lena dteaghlaigh agus lena bpobail. Tá lúcháir orm a bheith páirteach sa phróiseas seo in Iarthar Bhéal Feirste.”
“Nach féidir linne mar phobal múnlaí malartacha a aimsiú seachas an múnla ceannasach atá againn faoi láthair a chuireann an dochtúir agus aicme sóisialta s’acu sa chinsealacht mar leigheas gach galair. Is féidir le dochtúirí tacú leis an phróiseas. Ba cheart tacú leis na pobail agus iad a chumhachtú chun réitigh chruthaitheacha malartacha s’acu féin a aimsiú.
“Is feiniméan idirnáisiúnta anois é an díchoilíniú agus tá géarghá ann leis an tsíciatracht agus an tsíceolaíocht a dhíchoilíniú. Tá teanga, cultúr agus an nádúr ag croílár na n-iarrachtaí seo atá ag cur ruaig ar uafáis an choilíneachais.
“Is pobal bródúil athléimneach cosúil le hIarthar Bhéal Feirste, leis an stair fhada de fhrithbheartaíocht agus féin-eagrú ón bhun aníos, atá foirfe le hacmhainní a chur ar fáil le haghaidh modhanna nuálaíocha, malartacha atá cruthaitheach agus claochlaitheach a thriail ag leibhéal an phobail a thógann dea-shláinte mheabhrach.”
Nótaí don eagarthóir
Do thuilleadh eolais, teagmháil Sara Boyce, Eagraí le Script Úr don tSláinte Mheabhrach ar sara@pprproject.org agus 07864074235 nó Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh ar feargal@glornamona.com agus 07841101630.
Do thuilleadh eolais ar Script Úr don tSláinte Mheabhrach brú anseo
Tuilleadh eolais ar Ghlór na Mona anseo
ELD Treoir agus Pacaistí Teicniúla ar Sheirbhísí Shláinte Mheabhrach sa Phobal anseo