Gníomhaithe teanga óga ag taisteal chun na hAmasóine sa Bhrasaíl chun tacú le pobail bhundúchasacha ansin
Is iad ‘Dlúthpháirtíocht, Oideachas, Idirnáisiúnachas’ eochairfhocail Mheitheal Uí Chadhain
Is grúpa dlúthpháirtíochta agus Gaelach é Meitheal Uí Chadhain de dhíograiseoirí óga a bheas ag taisteal chun na hAmasóine sa Bhrasaíl chun tacú le agus chun foghlaim ó na bundúchasaigh atá ina chónaí ann agus iad ag streachailt in aghaidh an chos ar bholg timpeallachta atá ag tarlú ansin ar mhaithe le suimeanna caipitlíocha agus coilíneacha na mórthíortha ach go háirithe Meiriceá, Sasana agus an tAontas Eorpach.
Is iad Caoimhe Ní Choinn, Eimear Nic Ionnrachtaigh, Eoghan Ó Conghaile, Naoise Ó Cuilín agus Eoghan Ó Garmaile a bheas ag taisteal mar chuid den ghrúpa seo. Rachaidh an t-airgead bailithe i dtreo taisteal chun na hAmasóine chomh maith le tacaíocht agus acmhainní do na pobail a bheas muid ag bualadh leo. Is iad dlúthpháirtíocht, oideachas agus idirnáisiúnachas eochairfhocail na meithle agus is mian linn foghlaim ó phobail radacacha fud fad na cruinne chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh tríd gníomhartha dlúthpháirtíochta ní hamháin agus muid sna tíortha sin ach ón bhaile anseo fosta.
I mí na Bealtaine 2024, bhuail ionadaithe na bpobal dúchasach ón Amasóin sa Bhrasaíl linn agus iad ar thoscaireacht idirnáisiúnta chun na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe mar chuid d’fheachtas s’acu in aghaidh an rachmais agus ar son na foraoise agus cearta daonna s’acu. Bhuail siad amach go Gael-Ionad Mhic Goill le linn Féile na gCloigíní Gorma, an fhéile uathúil áitiúil san Uachtar Chluanaí leis an mhana ‘Pobal, Dlúthpháirtíocht, Folláine’ lárnach ann.
Bhí ciorcal comhrá againn leo inar labhair siad faoin chos ar bholg atá déanta orthu ag suimeanna chaipitil agus coilíneacha idirnáisiúnta agus an fhrithbheartaíocht s’acu ina n-éadan. Ar a bharr sin, phlandaigh siad crainn i nGael-Ionad Mhic Goill a bheas réidh i gceann tamaill le cur faoin talamh ar an Sliabh Dhubh mar chuid den fheachtas áitiúil chun an Sliabh a athdhúlrú.
Is féidir tacú leis an fheachtas anseo – míle buíochas as bhur dtacaíocht!
Tuilleadh eolais, déan teagmháil le hEoghan Ó Garmaile (eoghan@glornamona.com)