Glór na Móna i measc buaiteoirí ag Bronnadh Náisiúnta Ghlór na nGael
Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad oíche Shathairn (22/04/17).
I measc na nduaiseanna a bronnadh ar an oíche, bronnadh an chéad áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra idir 4,000 agus 20,000 ar Glór na Móna. Chomh maith le teastas, bronnadh seic do €4,000 orthu ar an oíche. Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh i láthair ón choiste leis an duais a ghlacadh. D’éirigh le Glór na Móna an chéad áit a bhaint amach sa rannóg seo de bharr an sár-obair a rinne siad i mbun forbairt pobail trí Ghaeilge sa cheantar áitiúil in 2016. Tháinig Ionad Uíbh Eachach sa tríú áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra thar 20,000. D’éirigh leo seic do €2,000 a bhaint, agus cuirfear an tairgead go mór leis an obair atá ar siúl acu ar Bhóthar na bhFál agus an ceantar máguaird.
B’iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, clubanna CLG agus cumainn 3ú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh as ucht a obair chraoltóireachta agus a ról i gcúrsaí forbartha pobail. Bhí a bhean chéile Dolores i láthair ar an oíche, chomh maith lena mhac Dónall, agus a chuid iníonacha, Éadaoin & Póilín.
Chomh maith leis an Uachtarán, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.