Foirgneamh óige druidte ag an Údarás Oideachais agus deireadh le Seirbhís Óige Gaeilge dá bharr
Daoine óga curtha ó dhoras gan rabhadh
Ní raibh Cumann Óige Gaeilge in ann oscailt i gceantar Leana an Dúin in iarthar Bhéal Feirste de bhrí cinneadh an Údaráis Oideachais le Cumann Óige Charraig Airt a dhruidim. Tá Cumann Óige an Ghleanna lonnaithe i bhFoirgneamh Charraig Airt ó bhí 2014 ann agus is leis an ÚA an foirgneamh. Tá an cumann lonnaithe áit a bhfuil cuid mhaith daoine faoi bhuntáiste an Ghaeloideachais agus bhí an cumann ag dul ó neart go neart le breis agus 100 ball agus ar oscailt 3 oíche sa tseachtain.
Dúirt Gerard McGuinness, Ceannaire Óige an Chumainn:
Tá mé ag obair i gCumann Óige an Ghleanna ó bhí 2012 ann, nuair a thosaigh mé ansin mar oibrí deonach. Ní haon áibhéil é le rá go bhfuil mé thar a bheith brónach agus díomá orm gur dhruid an tÚdarás Oideachais ár bhfoirgneamh. Fuair muid amach Dé Máirt (12 Samhain) nuair a bhain mé an foirgneamh amach agus é faoi uisce. Ní raibh bunbhéasa ag an ÚO teagmháil a dhéanamh liom nó ní raibh rabhadh ar bith ann fiú. Fuair mé litir ón ÚO le rá go mbeadh an foirgneamh ag druidim agus go raibh fáilte romhainn ár stuif a bhailiú agus ár seirbhís a ghlacadh áit éigin eile. Níor luadh an foirgneamh a chóiriú agus ár seirbhís a bheith ar fáil oícheanta Mháirt, Chéadaoin agus Dhomhnaigh. Ar a bharr seo, ní dhearna an tÚA iarracht ar bith áit eile a fháil dúinn.
Tá an foirgneamh seo in úsáid againn ó bhí 2014 ann agus níl áit ar bith eile againn leis na daoine óga a ghlacadh. Bíonn ár ndaoine óga ag brath ar an tseirbhís seo agus tá grá acu di. Is é seo an t-aon seirbhís óige trí Ghaeilge atá ar fáil i Leana an Dúine agus i mórcheantar Bhaile Andarsan. Cuireann seo bac le ceart ár ndaoine óga oideachas neamhfhoirmeálta trí Ghaeilge a fháil agus cuireann seo 100 daoine óga ar an tsráid. Is scannal é seo agus níl sé tuillte ag ár ndaoine óga.
Dúirt Caoimhe Glenholms, oibrí óige deonach, atá 17 bliain d’aois:
Tá mé ag freastail ar Chumann Óige an Ghleanna ó bhí mé 9 mbliana d’aois. Chonaic mé féin an fás ollmhór atá tagtha ar an chumann ó shin agus an tionchar a bhí aige ar na daoine óga a théann ann. Is léiriú é seo ar an obair iontach a dhéanann foireann Chumann óige an Ghleanna. Ní chreideann muid, mar sin, gur cinneadh ár gcumann a dhruidim. Tá breis agus 100 duine óg ag freastail ar an chumann seo trí oíche sa tseachtain agus tá muid ag éilimh le tamall maith go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil dúinn chun go mbeadh muid ábalta na doirse a oscailt gach oíche sa tseachtain, mar a dhéanann ár gcairde sna cumainn Bhéarla. Le blianta ní bhfuair muid ach sop in áit na scuaibe agus anois tá an sop sin imithe fosta. Is é seo an t-aon áis amháin atá againn sa cheantar. Troidfidh muid seo go mór agus ní stopfaidh muid go dtí go gcuirfear ár seirbhísí óige ar fáil arís. Tá sin tuilte ag ár ndaoine óga.
Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir ar an eagraíocht óige Gaeilge, Glór na Móna:
‘Tá Glór na Móna ag obair agus ar thús cadhnaíochta le breis agus deich mbliana anuas le cumainn áitiúla ar nós Chumann Óige an Ghleanna chun seirbhísí óige a fhorbairt go horgánach ón bhun aníos. Ní amháin go gcuireann an cumann seo seirbhís as cuimse ar fáil trí oíche sa tseachtain ach éascaíonn siad cláir atá bunaithe ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta tríd an obair ghrúpa mar aon le cuidiú aonair dóibh siúd a bhfuil sin de dhíth orthu. Go bunúsach, beidh an tseirbhís riachtanach sin, mar aon lenar ndaoine óga, caite amach ar an tsráid gan áit ar bith eile le dul.
‘Freastalaíonn Cumann Óige an Ghleann ar dhaltaí Bhunscoil Phobal Feirste, atá ar cheann de na Gaelscoileanna is sine agus is mó ó thuaidh, a bunaíodh mar chuid de mhór-ghluaiseacht Ghaeltacht Bhóthar Seoighe sa bhliain 1969. Is údar ollmhór imní, mar sin, gur ghlac an tÚdarás Oideachais leis an chinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís seo agus muid ag tarraingt ar cheiliúradh 50 bliain den mhór-éacht sin. Is é an dóigh ar druideadh an cumann seo, gan an dara machnamh do na daoine óga a bheas thíos leis an chinneadh seo, a léiríonn an dí-mheas ar earnáil na Gaeilge agus na riachtanais a théann lei, gan trácht ar an mhéid daoine óga atá ag baint leasa as na seirbhísí seo trí Ghaeilge.’
‘Is é an taon rud réasúnta agus ionraice ar féidir leis an EA a dhéanamh anois ná an fhoirgneamh a dheisiú agus a athchóiriú láithreach le do dtig leis an séirbhís óige a thoiseacht athuair. Cinntíonn seo go bhfuil an Roinn Oideachais ag comhlíonadh chun an ‘Gaeloideachas a eascú agus a chur chun cinn’ mar atá dlite I gcomhaontú Aoinne an Chéasta. Tá díomá agus iontas ar tuismitheoirí agus daoine óga s’againn ag an chinneadh seo mar atá ar an phobal níos leithne in Iarthar Bhéal Feirste agus saol na Gaeilge féin.’
Tá cruinniú poiblí eagraithe d’oíche amárach I mBunscoil Phobal Feirste don Déardaoin 21 Samhain ag 7.30pm. Iarraimid ar dhaoine teacht chuig an chruinniú agus taispeáint go bhfuil pobal s’againn aontaithe agus ag tacú le daoine óga s’againn atá ag brath ar an seirbhís seo.
Déan teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh ar 07841101630 nó feargal@glornamona.com le haghaigh tuilleadh eolais.
Is cumann óige lán gaeilge é Cumann Óige an Ghleanna atá lonnaithe I gceantar an Leana an Dúin in Iarthar Bhéal Feirste. https://www.facebook.com/cumannoigeanghleanna/