Féile na gCloigíní Gorma 2024 seolta roimh ollshlua i nGael-Ionad Mhic Goill
Sheol an tAire Sóisearach Aisling Reilly agus an tArdmhéara Ryan Murphy an fhéile uathúil san Uachtar Chluanaí
Tá muid ar bís gur sheol an pobal áitiúl Féile na gCloigíní Gorma 2024 faoin ghrian i nGael-Ionad Mhic Goill, ainmnithe i ndiaidh an Ghaeil cheannródaíoch Seán Mac Goill a dhéanann an fhéile comóradh air i mbliana.
Is é seo an 7ú féile le 8 mbliain anuas nó chaill muid bliain de bharr na paindéime, eachtra a rinne an fhéile níos tábhachtaí arís leis an mhana ‘Pobal, Dlúthpháirtíocht, Folláine’ lárnach ann. Bunaíodh an fhéile in 2017 mar fhreagairt ar thréimhse gharbh na déine a d’fhág daoine sa cheantar in ísle brí, leis an sprioc chun muintir na háite a athnascadh leis an timpeallacht galánta thart orainn, i measc bealaí eile chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal.
Baineann muid úsáid as na cloigíní gorma mar shiombail le cur i gcuimhne do dhaoine faoi aoibhneas an tsaoil, a ndúlra nádúrtha agus an tábhacht a bhaineann le sláinte agus dlúthpháirtíocht phobail, agus tá clár pacáilte againn arís i mbliana!
Ag seoladh na féile, dúirt an t-Aire Aisling Reilly:
”Is ceiliúradh iontach é an fhéile de phobal, sláinte agus an timpeallacht áitiúil. Anois ag ceiliúradh ocht mbliana, tá sí ag dul ó neart go neart. Ón tús, is iad sláinte agus folláin an phobail ceann feadhna na féile ag díriú isteach ar fhadhbanna sa cheantar go háitiúil, ach go háirithe an tsláinte mheabhrach. Tugann sé an deis do dhaoine le dul i dtaithí ar an tírdhreach galánta thart orthu, le dul amach sa nádúr dochreidte, agus tá an chuid is fearr de sin againn faoi scáth an tSléibhe Dhuibh.”
Ar a bharr sin, mhaígh an t-Ardmhéara Ryan Murphy:
“Léiriú ar a misneach is ea an fhéile a bhunaíodh ocht mbliana ó shin mar fhreagairt ar thréimhse fhíochmhar na déine. Bunaithe ag gníomhaithe áitiúla, d’eascair an fhéile mar léaró dóchais, ag cothú dlúthpháirtíochta in aghaidh an chruatain.“Ag siúl siar ar na forbairtí anuraidh, déanann muid cuimhne ar cheannródaithe na Féile in 1973, a d’fhág an lóchrann ag glúin Fhéile na gCloigíní Gorma. Leanaimid misneach na gceannairí áitiúla agus na fathaigh sin a tháinig romhainn a d’eagraigh tograí féinchuidithe sa cheantar cosúil leis an fhéile in 1973.
Thar cheann coiste na Féile, dúirt Eoghan Ó Garmaile:
“Bhunaigh gníomhaithe áitiúla san Uachtar Chluanaí an fhéile in 2017 mar fhreagairt ar thréimhse gharbh na déine a d’fhág daoine sa cheantar in ísle brí, leis an sprioc chun muintir na háite a athnascadh leis an timpeallacht galánta thart orainn agus tá an fhéile ag bailiú nirt diaidh ndiaidh.
“I mbliana tá muid ar bís go mbeidh toscaireachtaí idirnáisiúnta ag tabhairt cuairte ar an Fhéile – beidh gníomhaithe phobail agus sláinte mheabhrach linn ó Pennsylvania chomh maith le pobail dúchásacha agus talmhaíochta ó fhoraois na hAmasóine sa Bhrasaíl.
“Gealann Féile na gCloigíní Gorma 2024 8 lá pacáilte de chomhráite dáiríre ag plé ceisteanna móra an lae chomh maith le himeachtaí lán le spraoi amhail: lá teaghlaigh do dhaoine óga le riachtanais bhreise; siúlóid sléibhe leis an togra Rewilding the Black Mountain; lón mór an phobail le feachtas na dteifeach ‘Kind Economy’; agallamh le laoch Bhaile Átha Cliath CLG; snámh breacadh an lae; comórtais spóirt; oíche fhilíochta Scríbhneoirí an tSléibhe; ceardlann tógáil chloiche le David Keohan; agus go leor eile uilig ag críochnú le Gig na Féile le cuid de na ceoltóirí áitiúla is fearr ar 8in, Satharn 18ú Bealtaine sa West Social Club.”
Caith súil ar an chlár iomlán anseo