FéiltíGinearáltaImeachtaíLéachtaí PobailÓige

Cumhacht don Phobal le Feargal MacIonnrachtaigh

Féile na Carraige 2015- ‘Cumhacht don Phobal’

 

Le Feargal Mac Ionnrachtaigh

 

6-10-15

 

IMG_2330Nuair a bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe sna mall seascaidí, thuig na ceannródaithe a thiomóin an réabhóid seo go raibh luach ar leith sa díograis áitiúil. Éascaíonn an próiseas seo eagraíochtaí, díograiseoirí agus imeachtaí pobalbhunaithe a thugann dóchas do dhaoine.

 

I saol na Gaeilge, bunaíodh Gaelscoileanna mar chuisle na hathbheochana agus ghníomhaigh díograiseoirí sa mhullach air seo ag bunú grúpaí agus tograí pobail chun freastal ar an chéad ghlúin eile agus a gcuid tuistí, gaolta agus teaghlaigh a chuir muinín san athghabháil teanga.

 

indexBa mhór an chumhacht a bhí ag an chur chuige seo nuair a thug sé úinéireacht dóibh siúd atá lonnaithe sa cheantar i mbéal forbartha. Chothaigh seo cumhachtú, féinchuidiú, leanúnachas, comhoibriú agus bród san áit dhúchais.

 

Lean Glór na Móna, atá ag feidhmiú in Uachtar Chluanaí, mar eagraíocht pobail agus óige ó bhí 2004 ann, an patrún agus cuspóir céanna ón fiorthús. Bhí an t-ádh orainn go raibh muid ag feidhmiú I gceantar le fealsúnacht láidir pobail a 062spreag an t-iliomad grúpaí agus díograiseoirí a tháinig romhainn agus a leag dúshraith na Gaeilge sa cheantar le 40 bliain anuas. Téann seo comh fad siar le Garaiste an Phobail, Fiontair Bhaile Uí Mhurchú agus Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine a chur tús leis an earnáil pobail agus an meon féinchuidithe sa cheantar óna luathseachtóidí.

 

Tá an fhís agus an fhealsúnacht céanna a spreag Gaeil Dhíograiseacha ar nós Seán Magaoill agus Seamus de Napier le mothú go treán ar obair Ghlór na Móna agus iad ag seachadadh seirbhísí nualacha do aos óg an ceantair agus iad ag cur na teanga chun cinn i measc an phobail agus ag cur an phobal chun cinn trí mheán na teangan.

 

024Beidh na tréithe forasacha seo ar fad le blaiseadh ar Féile na Carraige 2015 agus imeachtaí agus tograí eagsúla eagraithe atá dírithe ar achan gné den phobal. Féile seachtaine atá i gcéist agus eagrafór ceardlainne ceoil agus dramaíochta, maidin caife do phinsinéirí; léachtanna poiblí; turais treoraithe ar an Cheathrú Ghaeltachta; comórtas peile do ógchumainn CLG san iarthar agus Lá mór spraoi do theaghlaigh.

 

Taispeanfár scannán iontach de chuid Chiaráin Uí Bhrolcháin agus NVTV le ‘Idir Ballaí 3Fuara’ i dTeach na Móna a chuireann síos ar scéal na bpríosúnach Poblachtánaí agus an dóigh ar tháinig na cimí ar bhealaí nua leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus a theagasc sna coinníollacha dushlánacha inar mhair siad.

 

Le cois, beidh téamaí comortha na staire go mór chun tosaigh orainn nuair a thugann, an Dr Shane Kenna Léacht bhliaintúil Harry Holland i gCumann na Meirleach ar a 7 oíche Dhéardaoin, ar Ó Donnabháin Rosa- Fínín Gan Aithrí agus é bunaithe ar leabhar nua s’aige fán seanlaoch Poblachtánach céanna. Beidh an drama iomráiteach le Tony Devlin, 1981, ar súil in Gort na Móna oíche Aoine agus leanfaidh an pairtnéireacht leis an GSpota oíche shatharn i gCumann Naomh Eoin

 

IMG_2325Is comartha sóirt go bhfuil díograiseoirí óga lárnach i bpleanaíl agus cur i gcrích an chlár forbartha seo. Glún úr múiníneach atá iontu a fhéachann an teanga mar ghléas claochlaithe pobail seachas mar shlí bheatha amháin. Feachtar daofa gur rogha saoil agus bealach chun difear a dhéanamh seachas caitheamh aimsire nó slí gairme amháin.

 

Is tráthúil go bhfuil Féile na Carraige faoi lán seol ar an tseachtain céanna ar cuireadh tús leis an obair tógala ar Ollionad na Carraige, an foirgneamh nua pobail a bhéas ag Glór na Móna. Tar éis trí bliana do chruinnithe, maorlachas agus coscéimeanna beaga, bhí tógalaithe ann maidín luain sa deireadh thiar thall.

 

Spás uileghabhálach a bhéas san ollionad a bheirfeas deis don ghlún úr fís athghábhala teanga s’acu a fhíorú agus 1pobail labhartha Gaeilge a chothú sna blianta amach romhainn. Beidh sé reidh in Mí na Bealtaine 2016 nuair a bhéas Gaeil ag cuimhniú agus ceiliúradh iad siúd a spreag Fís na Saoirse i mBáile Átha Cliath 100 bliain ó shin.

 

Is ag athghabháil na físe neamhchríochnaithe céanna, le díograis agus bród, a bheás Gaeil Uachtar Chluanaí sna bliantaí atá le teacht.

 

 

 

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button