Bua Kneecap in aghaidh Rialtais na Breataine
£14k bainte ag Kneecap sa chás cúirte le tabhairt do Ghlór na Móna agus cumann óige ar an Shean Chill
![](https://www.glornamona.com/wp-content/uploads/2024/11/IMG_6430.jpeg)
Tá an banna ceoil Kneecap, a bhain £14,000 i gcás cúirte in éadan Rialtais na Breataine mar gheall ar leithceal, ag tabhairt £7000 do Ghlór na Móna agus £7000 do chumann óige eile ar Bhóthar na Seanchille.
Arsa Ball Choiste Ghlór na Móna, Conchúr Ó Muadaigh:
“Thar ceann gach duine i nGlór na Móna, ba mhaith linn buíochas mór, ó chroí, a ghabháil le Kneecap as bhur ndeontas iontach flaithiúil. Rachaidh an deontas seo go mór chun cinn chun tacú lenár bpleananna uaillmhianacha don todhchaí agus lenár dtionscadal caipitil ar an chaighdeán is airde, Croí na Carraige, atáimid ag bailiú airgid dó faoi láthair.
“Beidh an áis úrnua seo i gcroílár Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste Thiar ag cur tacaíocht ar fáil d’athbheochan na Gaeilge san fhadtéarma agus ag cinntiú go mbeidh glúin nua Gael, cosúil lenár Liam Óg ‘Mo Chara’ Ó hAnnaidh féin—a d’fhreastal ar ár gclub óige agus a a d’oibrigh ann—ag fáil rochtain ar áis phobail agus óige den chaighdeán is airde trí mheán ár dteanga dúchais. Beidh tionchar buan ag bhur dtacaíocht ar ár gcuid oibre le daoine óga agus ar athbheochan na Gaeilge anseo i mBéal Feirste Thiar.”
Dúirt Kneecap:
“Inniu, gan iontas, rialaigh cúirteanna rialtais na Breataine iad féin go raibh siad ag gníomhú go mídhleathach nuair a chuir siad deireadh le maoiniú do Kneecap…
“…Inniu, tabharfaimid an t-iomlán den mhéid a bronnadh orainn do dhá eagraíocht óige i mBéal Feirste a oibríonn leis an dá phobal chun todhchaí níos fearr a chruthú dár ndaoine óga. Rachaidh £7,125 chuig ‘Glór na Móna’ i mBaile Uí Mhurchú agus £7,125 chuig ‘RCity Belfast’ ar Bhóthar na Seanchille.
“Rinne an t-iar-Rúnaí Stáit Kemi Badenoch agus a Roinn gníomh mídhleathach, is fíric é seo anois.
“Níl siad sásta go seasaimid i gcoinne riail na Breataine, nach gcreidimid go dtugann Sasana freastal ceart ar aon duine in Éirinn, agus go bhfuil níos fearr tuillte ag an lucht oibre ar an dá thaobh den phobal—maoiniú ceart, seirbhísí meabhairshláinte cuí, ceiliúradh ar cheol agus ar ealaín, agus an tsaoirse ár gcultúr a chur in iúl.
“Ghlacamar £14,250 as stoca an Rí agus thugamar ar fad é do dhá chlub óige…
“Saoirse don Phalaistín! – Kneecap x”
Tuilleadh eolais: oifig@glornamona.com