Díoladh amach ceolchoirm le ‘Cara Iarthar Bhéal Feirste’ Damien Dempsey mar chuid d’fhéile shláinte agus folláine ón bhun aníos
Díríonn ceolchoirm Fhéile na gCloigíní Gorma i Naomh Chomgall a bhfuil ‘ríthábhachtach chun daoine a nascadh leis an cheantar agus chun dlúthpháirtíocht agus folláin a thógáil’ aird ar ghéarchéim na sláinte meabhraí sna sé chontae mar chuid d’fheachtas úr
Dhíol Féile na gCloigíní Gorma 2023, féile áitiúil Iarthar Bhéal Feirste ainmnithe i ndiaidh na gcloigíní gorma dúchasacha a bhláthaíonn ar Shliabh Dubh achan Bealtaine, ceolchoirm amach i bhfoirgneamh úr Naomh Comgall aréir (18-5-23) leis an amhránaí Gaelach iomráiteach Damien Dempsey. Bunaíodh an Fhéile, seacht mbliana ar an fhód anois, de bharr iarrachtaí fadbhunaithe dlúthpháirtíochta idir réimse d’eagraíochtaí áitiúla san Uachtar Chluanaí.
Ag labhairt ar an cheolchoirm aréir, mhaígh duine d’eagraithe na Féile, Eoghan Ó Garmaile:
“Tá lúcháir orainn gurb é Damien Dempsey príomhaoi na ceolchoirme bliantúla de chuid Féile na gCloigíní Gorma i mbliana a díoladh amach. Ba é an chéad cheolchoirm i bhfoirgneamh úrscothach Naomh Comgall ar Bhóthar na bhFál. Is cara mór Iarthar Bhéal Feirste go deo é Damien agus tá féile pobail a chuireann sláinte mheabhrach dhearfach chun cinn an-ghar dá chroí. Chuir ár ngig bhliantúil ardán ar fáil do cheoltóirí áitiúla iontach amhail Breandan ‘Nipper’ Quinn, John McSherry agus Francis McElduff, Niamh Nic Ionnrachtaigh agus Run For Cover.
“Is ionann sprioc na ceolchoirme agus tógadh croí na cosmhuintire le linn na géarchéime chostais mhaireachtála atá faoi bhrú ag ciorruithe tubaisteacha an rialtais a chruthaíonn go bhfuil orthu rogha laethúil a dhéanamh idir bia a chuir ar an tábla nó teas a chuir ag dul sa teach. Agus muid ag ceiliúradh Pobal, Dlúthpháirtíocht, agus Folláine leis an cheolchoirm, tá áthas an domhain orainn comhoibriú agus tacú le feachtais phobail ón bhun aníos ar nós feachtas de chuid Participation and Practice Rights (PPR) ‘Script Úr do Shláinte Mheabhrach’ a chuir muid chun cinn ag an cheolchoirm aréir.”
Ag labhairt ar son an feachtas ‘Script Úr’, dúirt gníomhaí na sláinte meabhraí le PPR Sara Boyce:
“Mar fheachtas ón bhun aníos, is cur chuige ceannródaíoch na cosmhuintire é an Script Úr i leith na sláinte meabhraí. Tá muid ag iarraidh an script a iompú, ag tarraingt aird ar chumhacht éagothrom na sochaí in áit éagothroime cheimiceach in inchinn an duine. Ag ceistiú cad é a tharla duit seachas cad é atá cearr leat. Le chéile, tá muid ag forbairt cur chuige ón bhun aníos bunaithe ar thráma le haghaidh míshuaimhneas mothúchánach.
“Tá muid an-sásta a bheith ag comhoibriú le Féile na gCloigíní Gorma chun feasacht a ardú ar ár bhfeachtas atá ag dul ó neart go neart. Ba bhua suntasach é aréir agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Damien Dempsey dá thacaíocht leanúnach. Do thuilleadh eolais, brúigh ar www.nlb.ie/campaigns/mental-health.”
Ag tacú le Féile na gCloigíní Gorma agus an feachtas ’Script Úr’, dúirt Damien Dempsey:
“Tá mé ag leanstan Féile na gCloigíní Gorma le cúpla bliain anois agus bhí mé i gcónaí ag iarraidh bualadh suas agus mo thacaíocht a léiriú. Is ábhar misnigh é an lucht oibre a fheiceáil á eagrú iad féin ar bhonn dearfach mar seo tar éis dóibh fulaingt an mhéid sin le linn na coimhlinte is déanaí. Tá sé ríthábhachtach daoine a nascadh leis an nádúr agus dlúthpháirtíocht pobail a thógadh ar mhaithe le dóchas agus misneach a spreagadh.
“B’iontach a fheiceáil go bhfuil an feachtas ‘Script Úr’ ag bailiú nirt agus ag ardú feasachta tríd an cheolchoirm aréir ina raibh atmaisféar iontach ann. Tá tacaíocht, acmhainní agus tuiscint de dhíth ar phobail an lucht oibre seachas lipéid dhochracha. Is mithid bealach úr chun tosaigh a aimsiú agus tá an Fhéile á dhéanamh.”
Clár na Féile:
https://www.glornamona.com/wp-content/uploads/2023/05/FNAG_2023_DIGITAL.pdf
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Eoghan Ó Garmaile
07934846275
Le haghaidh ‘Script Úr’:
Sara Boyce
+44(0) 7864074235