Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíGinearáltaImeachtaí

Rith Féile pobail áitiúil ón bhun aníos ‘mórshiúl stairiúil’ tríd an Uachtar Chluanaí

D’athchruthaigh lucht eagraithe Fhéile na gCloigíní Gorma mórshiúl pobail stairiúil agus ‘seasann siad ar ghualainn fathaigh’ a d’eagraigh an mórshiúl clúiteach in 1973

Mheall Féile na gCloigíní Gorma 2023, féile áitiúil Iarthar Bhéal Feirste ainmnithe i ndiaidh na gcloigíní gorma dúchasacha a bhláthaíonn ar Shliabh Dubh achan Bealtaine,, níos mó ná 1000 duine chuig mórshiúl s’acu tríd an Uachtar Chluanaí ar maidin (20-5-23) in ómós an mhórshiúil a d’eagraigh na ceannródaithe amhail an tAthair Des Wilson sa cheantar 50 bliain ó shin in 1973. Bhailigh na cumainn spóirt agus feachtais áitiúla ar 9rn ar maidin ag barr na Carraige Báine sular shiúl siad síos an ceantar áitiúil le chéile le drumadóirí ón Bhrasaíl agus damhsóirí na Síne chun tosaigh.

Ag cur síos ar an imeacht, mhaígh duine d’eagraithe an mhórshiúil Eoghan Ó Garmaile:

“Tá áthas an domhain orainn Féile 8-lá a chur i gcrích le mórshiúl carnabhail tríd an Uachtar Chluanaí. Tá ár bpobal beo bríomhar i ndiaidh na Féile is rathúla a bhí againn go dtí seo le níos mó ná 60 imeacht a mheall na mílte daoine áitiúla páirt a ghlacadh sa chlár pacáilte i mbliana. Bhí muintearas pobail s’againn breá soiléir nuair a mháirseáil 8 gcumann CLG agus sacair lena meirgí leis na feachtais áitiúla ar nós Donate4Dáithí, An Dream Dearg agus na teaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú agus Cnoc an Fhoinse sna sála orthu.

“Seasaimid ar ghualainn fathaigh ar nós an Athar Des Wilson a d’eagraigh mórshiúl cosúil leis seo sa cheantar i gcomhthéacs an-difriúil 50 bliain ó shin mar chuid d’Fhéile Uachtar Chluanaí in 1973. San am úd bhí na ceannródaithe ag iarraidh misneach na cosmhuintire a ardú de bharr cos ar bholg brúidiúil Arm na Breataine, imtheorannú agus sléachtanna Bhaile Uí Mhurchú agus Cnoc an Fhoinse ina measc.

“In 2023, tá pobail lucht oibre cosúil linne ag fulaingt de bharr foréigean éagsúil. Tá géarchéim bhuan an chaipitleachais, nó ‘géarchéim an chostais mhaireachtála’ de réir na príomhmeáin, ag bailiú nirt leis na ciorruithe rialtais atá ag brú ar na pobail s’againn rogha a dhéanamh idir teas a chuir ag dul sa teach nó bia a chuir ar an tábla. Creidimis gurb é gníomhú pobail ón bhun aníos an t-aon dúshlán in aghaidh foréigean an bhochtanais. Is mar aidhm ag an Fhéile dlúthpháirtíocht pobail, misneach agus dóchas a spreagadh sna cúinsí an-dúshlánach ina bhfuil muid.

“Níl bealach níos fearr chun cur síos ar an Fhéile ná focal brollaigh Fhéile Uachtar Chluanaí in 1973: ‘Is ábhar áthais í an Fhéile. Go minic, shíl neart againn nach mbeimis in ann ceiliúradh arís … ach cuidíonn daoine lena chéile in am an drochshaoil … is ábhar mór misnigh agus iarracht dlúthpháirtíochta í an Fhéile. Iad siúd a thagann le chéile don Fhéile, fanann siad le chéile san am amach romhainn’.”

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button