Dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín
I bhfad sular bunaíodh é mar eagraíocht in 2004, bhí gníomhaithe Ghlór na Móna i gcónaí ag feachtasaíocht agus ag gníomhú i ndlúthpháirtíocht leis an Phalaistín. Mar gheall ar chúinsí stairiúla, polaitiúla, eacnamaíocha agus cultúrtha in Éirinn, bhí dáimh ag muintir na hÉireann i gcónaí leis an streachailt Phalaistíneach ar son na saoirse in aghaidh coilíniú an rialtais eachtraigh, Iosrael, atá faoi scáth impiriúlachais an Iarthair.
Ní hamháin go n-aithníonn lucht coilínithe an domhain an dáimh seo, ach aithníonn lucht an rachmais féin é freisin, mar a mhaígh an chéad ghobharnóir míleata Iarúsailéim, Ronald Storrs, ag an am gur cheart go mbeadh an stát nua Iosraelach ‘mar Ulaidh beag dílis do Shasana i bhfarraige d’arabachas naimhdeach.’
Tá tograí dlúthpháirtíochta de chuid Ghlór na Móna leis an Phalaistín níos riachtanaí anois ó thosaigh an chéim is déanaí den slad Iosraelach ar Phalaistínigh ó Dheireadh Fómhair 2023 ar aghaidh.
Podchraoladh le gníomhaithe na Palaistíne ón Ionad Lajee i mí Iúil 2023 (éist anseo)
Dlúthpháirtíocht ó Óige Ghlór na Móna (tuilleadh eolais anseo)
Cruinniú poiblí le guthanna na Palaistíne chun gníomhartha a eagrú i nDeireadh Fómhair 2023 (tuilleadh eolais anseo)
Léirsiú an Uachtar Chluanaí don Phalaistín i nGael-Ionad Mhic Goill i mí na Samhna 2023
Stailc ar son na Palaistíne agus feachtasaíocht BDS go háitiúil i Nollaig 2023
£2000 bailithe ag ceolchoirm áitiúil do UNWRA agus é faoi ionsaí ag rialtais an Iarthair (tuilleadh eolais)
Ar mhaithe le tuilleadh eolais maidir leis na tograí seo, déan teagmháil le:
Eoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail
eoghan@glornamona.com