Comhdháil Chomhoibríoch ar ‘Díchoilíniú: Teanga, Cultúr, agus Pobal’
Gairm ar phaipéar do shiompóisiam á heascú againn i gcomhar le Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona
Le dornán beag de bhlianta anuas, tá spéis ar leith á cur ag na meáin agus ag institiúidí léinn ar fud an domhain in oidhreacht an choilíneachais i sochaí an lae inniu. Tá díospóireachtaí fónta ar siúl faoin chiníochas struchtúrtha, faoi chumhacht sheasta an impiriúlachais chultúrtha, agus faoin dóigh is fearr chun na siollabais scoile agus ollscoile a ‘dhíchoilíniú’. Is léir tionchar na ndíospóireachtaí céanna ón chinneadh a rinne Coláiste na Tríonóide ar na mallaibh blaoscanna a tógadh gan chead ó Inis Bó Finne sa bhliain 1890 a thabhairt ar ais do phobal an oileáin.
Tarraingíonn an próiseas athmhachnaimh seo ar pheirspictíocht an acadóra Mhaoraigh Tuhawai Smith a dúirt: ‘Decolonisation, once viewed as the formal process of handing over instruments of government, is now recognised as the long-term process involving the bureaucratic, cultural, linguistic and psychological divesting of colonial power’.
Ní minic, áfach, a chuirtear ceist na Gaeilge, an athghabháil phobail, ná an athbheochan chultúrtha sna áireamh sa mhórphlé seo ar iarmhairtí agus ar staid reatha an choilíneachais.
Is deis atá sa siompóisiam seo ceiliúradh a dhéanamh ar an obair mhór atá déanta ag gníomhaithe teanga agus pobail, scoláirí agus staraithe, ealaíontóirí agus ceoltóirí le breis agus céad bliain anuas agus iad ag féachaint i dtreo díchoilíniú teanga, sóisialta, polaitiúil, eacnamaíochta agus cultúrtha. Is daoine iad seo a rinne agus a dhéanann beart de réir an ‘critical pedagogy of decolonisation’ a luann Tuhuwai Smith, cur chuige a chruthaíonn spás do ‘alternative histories and alternative knowledges [… that] can form the basis of alternative ways of doing things’.
Tabharfaidh an siompóisiam nuálach seo spás dúinn tionchar an ghnímh agus na frithbheartaíochta fuascailtí a mheas i gcomhthéacs plúchtach an choilíneachais.
Céard iad na ceachtanna atá le foghlaim ag an mhórchultúr ón phobal teanga seo ar an imeall? Cén tábhacht atá leis na mionteangacha i dtionscnamh an díchoilínithe? Cén dóigh a dhéanann pobail imeallaithe iad féin a eagrú agus iad faoi scáth iarmhairtí an choilíneachais? Céard is féidir linn a fhoghlaim ó chultúir agus ó ghrúpaí mionlaithe eile ar fud an domhain? Cén bealach is féidir le fealsúnachtaí agus ide-eolaíochtaí ailtéarnacha an díchoilíneachais todhchaí níos gile agus níos daonna a mhúnlú dár sochaí?
Mar a mhíníonn Tuhawai Smith: ‘Reclaiming a voice in this context has also been about reclaiming, reconnecting and reordering those ways of knowing which were submerged, hidden or driven underground’.
Tugtar cuireadh do thaighdeoirí, d’ealaíontóirí, do ghníomhaithe teanga/pobail, do mhic léinn agus do ghrúpaí pobail cur i láthair (thart ar 15–20 nóiméad) a thabhairt bunaithe ar an mórthéama seo. Cuirfear fáilte roimh chur i láthair i bhfoirmeacha éagsúla, ie. scannáin, taibhithe, páipéir scríofa, scríbhneoireacht chruthaitheach srl.
Ar na téamaí a mbeadh fáilte ar leith rompu, tá:
– An chritic iarchoilíneach agus litríocht/ceol na Gaeilge
– Tionchar na gcriticeoirí iarchoilíneacha ar léann na Gaeilge (Fanon, Césaire, Said, Spivak srl.)
– An nuachoilíneachas agus cás na Gaeltachta
– An díchoilíniú, an phleanáil teanga, an athghiniúint pobail agus/nó an Ghaeltacht uirbeach/an Ghaeltacht nua
– An gníomhachas pobail sa stair agus sa lá inniu
– Féilte, drámaíocht, múrphictiúir agus ealaín mar ghléasanna díchoilínithe
– An díchoilíniú i gcomhthéacs an chórais oideachais
– An díchoilíniú sna hiarsmalanna agus san acadamh
– An díchoilíniú feimineach agus streachailt na mban
– An díchoilíniú, an t-athrú aeráide agus an réabhlóid éiceolaíochta
– Frithbheartaíocht i measc príosúnaigh pholaitiúla mar bheartas díchoilínithe
– An nuachoilíneachas agus ceisteanna a bhaineann leis an chiníochas, cúrsaí aicme, an ghnéasúlacht, an éagothroime
– Cearta an duine agus an tionscnamh díchoilínithe
Chun cur isteach: seol teideal do chur i láthair agus achoimre (150 focal) chuig s.aiken@qub.ac.uk agus orla@glornamona.com roimh an 6 Aibreán 2023.
Beidh buiséid taistil ar fáil do scoláirí agus seans go mbeidh foilseacháin chomhdhála amach anseo le deis chun do pháipéar a chur i gcló. Glacfar le hachoimrí i nGaeilge nó i mBéarla.
Titfidh an siompóisiam amach ar 10.00 ar an Aoine 5ú Bealtaine 2023 i Naomh Comgall ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste – bígí linn! Cláraigh don imeacht anseo