Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíImeachtaí
Clár Fhéile na Carraige 2023
Seolfar féile na bliana seo i nGael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna ar 1in, Aoine 13ú Deireadh Fómhair le sólaistí agus siamsaíocht chun tús beo bríomhar a chur leis an fhéile i mbliana. Beidh An t-Ardmhéara, Comhairleoir Ryan Murphy linn inár gcuideachta mar aoichainteoir leis an fhéile a sheoladh agus chun comóradh a dhéanamh ar éachtaí gníomhartha speisialta a tharla le linn na bliana seo. Cuirfear lón ar fáil – bígí linn!