Seoladh Tuairisc Taighde Meastóireachta ar Sheirbhísí ‘Sólás na nÓg’ ag Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Cuireann an tionscadal uathúil ceannródaíoch seirbhísí ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu trí ‘Comhbhá, Cothú, Cumasú’.
Bhí an Coimisinéir um leanaí nuacheaptha, chomh maith le príomhchleachtóirí agus lucht léinn ó earnáil na gaelscolaíochta i measc na n-aíonna nuair a seoladh an Tuairisc Taighde Meastóireachta ar Shólás na nÓg in Óstán Chathair Ard Mhacha mar chuid de Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta. Is soláthar oideachais neamhfhoirmeálta é Sólás na nÓg atá saincheaptha nuálach agus a dhéantar go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Riarann sé ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais éagsúla foghlama, fhisiciúla, shóisialta, mhothúchánacha agus iompair acu. Cuireadh tús leis an tsoláthar in 2019 mar scéim phíolótach ach le tacaíocht ó National Lottery Community Fund, is cuid lárnach anois é de na seirbhísí óige Ghaeilge atá ag teacht chun cinn i nGlór na Móna.
Dúirt Comhordaitheoir Tionscadail Shólás na nÓg, Pádraigín Ní Mhathúna:
“Tá lúcháir orainn gur seoladh an tuairisc thábhachtach seo mar chuid de Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta inniu agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Comhairle as an deis a thabhairt dúinn a bheith anseo agus do na chainteoirí agus na toscairí a tháinig. Déanann an tuairisc seo plé, iniúchadh agus meas ar thionchar an tsólathair bhreise ó Shólás na nÓg mar chuid de chlár óige Ghlór na Móna.
Is é ‘Comhbhá, Cothú, Cumasú’ ár mana agus múnlaítear ár gcláir bunaithe ar na riachtanais uathála, éagsúla agus theiripeacha atá ag ár ndaoine óga agus déanann muid ár seacht ndícheall a gcumas pearsanta, sóisialta, agus mothúchánach a fhorbairt i spás cothaitheach, tréadchúramach agus sábháilte a riarann ar a riachtanais shochtheangeolaíocha chomh maith. Tá clár spreagúil, rannpháirtíoch agus leathan i gceist ina bhfuil oiliúint, foghlaim agus idirghabháil theiripeach; clár nach raibh deis ag na daoine óga sin a bheith páirteach ann roimhe.
Tá an taighde rannpháirtíoch uathúil seo atá déanta ag Dr. Órla Nig Oirc cosúil leis an tionscadal féin mar go bhfuil ionchur nach beag ag daoine óga ann agus glactar lena moltaí i gcruthú an tionscadail. Tá súil againn go mbeidh an taighde leanúnach seo in úsáid le hidirghabhálacha tábhachtacha beartais a léiriú a chuirfear faoi bhráid ranna rialtais agus comhlachtaí reachtúla lena chinntiú go mbeidh cláir neamhfhoirmeálta óige ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge.
Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir as An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath:
“Cuirim fearadh na fáilte roimh an tuairisc taighde seo ar thionscadal Shólás na nÓg. Ba thógáil croí dom é a bheith ag léamh faoin obair cheannródaíoch atá achan duine atá páirteach sa tionscadal seo a dhéanamh agus a n-iarrachtaí le seirbhísí óige uathúla trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu. Molaim an cur chuige rannpháirtíoch atá ina chuid lárnach de mheastóireacht an tionscadail. Mar a luaitear sa tuairisc, is guth na ndaoine óga atá ríthábhachtach i dtaighde mar seo.
Is eiseamláir de dhea-chleachtas é Sólás na nÓg don chineál oibre a d’fhéadfadh a bheith ag titim amach i gceantair Ghaeltachta agus go hidirnáisiúnta, i bpobail eile mionteangacha. Gura fada buan Sólás na nÓg agus go leana an fás is an fhorbairt.”
Dúirt údar an taighde, Dr Órla Nig Oirc,:
“Léiríonn na torthaí sa taighde seo go raibh tionchar claochlaitheach ag Sólás na nÓg ar dhaoine óga a bhí imeallaithe agus ar a dteaghlaigh ó bunaíodh an tseirbhís óige Ghaeilge do pháistí a bhfuil riachtanais acu sa chéad bhliain den tionscadal. Lena chois sin, léiríonn sé an gá le taighde níos doimhne ar thábhacht an tsólathair óige uathúil neamhfhoirmeálta trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga leochaileacha agus imeallaithe.
Is rud iontach é go bhfuil sé de rún ag Glór na Móna leanstan leis an chur chuige taighde atá rannpháirtíoch le fianaise a bhailiú ó thionscadal Shólás na nÓg agus cothóidh sin foghlaim chomhroinnte agus idirghabhálacha nuálacha maidir le polasaí a bheas chun sochair don earnáil óige Ghaeilge.”
Ag deireadh an imeachta, dúirt Chris Quinn, an Coimisinéir um leanaí nuacheaptha:
‘Léiríonn eispéaras cumhachtach na ndaoine óga agus a dtuismitheoirí atá sa tuairisc seo chomh luachmhar agus chomh ceannródaíoch agus atá Sólás na nÓg do shláinte agus folláine na ndaoine óga sin a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu agus a ndéantar neamhaird nó imeallú orthu go minic. Cé go bhfuil sé ar dóigh gur mhaoinigh National Lottery Fund an clár seo, ní mór don Údarás Oideachais bunmhaoiniú a chur ar fáil anois agus ní mór do An Roinn Oideachais aitheantas ceart a thabhairt dó mar chuid den dualgas reachtúil atá orthu a bheith ag tacú leis an Ghaeloideachas, ina bhfuil líon díréireach de pháistí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu. Molaim an taighde ceannródaíoch seo agus an obair chlaochlaitheach atá ag tarlú i nGlór na Móna i gceantar amhail Iarthar Bhéal Feirste ina bhfuil an-deacrachtaí socheacnamaíocha. Ní mór méadú mór ar acmhainní agus aitheantas anois le go mbeidh an tseirbhís in ann forbairt eile a dhéanamh agus leathnú ar fud an tuaiscirt.
Is féidir an tuairisc taighde a léamh anseo
Amharc ar an seoladh anseo
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Pádraigín Ní Mhathúna
07568474348
Dr Órla Nig Oirc
07784034943
Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh
Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Glór na Móna
07841101630