Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíFíseáinImeachtaíLéachtaí Pobail

Féile an Phobail 35 i nGael-Ionad Mhic Goill

Comhghairdeas mór le Féile an Phobail as an Fhéile is mó agus is fearr a reáchtáil agus muid ag ceiliúradh 35 bliain den fhéile

Thaispeáin muid an scannán Stailc 1913 de chuid TG4 a chaitheann súil ar fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath 110 bliain ó shin agus streachailt na n-oibrithe faoi cheannas Jim Larkin, James Connolly agus neart ceannródaithe eile in aghaidh lucht an rachmais, ach go háirithe William Martin Murphy.

D’fhreastail thuas le 20 duine ar an imeacht i nGael-Ionad Mhic Goill agus thug ár gcomrádaí an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh intreoir den scoth ar an scannán. Caith súil ar an óráid spreagúil anseo:

Chomh maith leis sin, labhair an tOllamh Michael Cronin linn ar an leabhar s’aige ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht’ i nGael-Ionad Mhic Goill agus ar an nasc idir na saincheisteanna seo. Bhí comhrá iontach againn leis inar labhair muid faoi athrú aeráide, caipitleachas, agus coilíneachas – agus an géarghá le díchoilíniú agus córas malartach. Sí athshlánú na Gaeilge slánú na timpeallachta!

Caith súil ar an chomhrá as Gaeilge amháin anseo:

Féile abú!

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button