Fergus Ó hÍr
Is gníomhaí cearta daonna agus feachtasóir iomráiteach ar son ceartas sóisialta é Fergus as Iarthar Bhéal Feirste a bhfuil 50 bliain taithí aige le gluaiseachtaí agus i bhfeachtais éagsúla. Bhí sé lárnach san fheachtas ar son Chearta Sibhialta agus sa ghluaiseacht in éadan na Blocanna H. Toghadh é mar chomhairleoir le Halla na Cathrach ar son Daonlathas an Phobail in 1981 agus lean sé ar aghaidh chun ról lárnach a imirt in athbheochan na Gaeilge ina phríomhoide le Meánscoil Feirste sna 90idí agus ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste.
Chuir an gníomhaí cearta daonna Deirdre McAliskey, atá ina Leas-Stiúrthóir ar a National Children’s Bureau NI, an t-agallamh ar Fergus. Bainigí sult!