Daonlathachas RannpháirtíochGinearálta

Fáilte Roimh Theifigh!

D’fhreastail pobal Glór na Móna ar an mhórshiúil frith-chiníoch i mBaile Átha Cliath

Tar éis seachtain shuarach de ghrúpaí faoi thionchar na dúdheise ag bailiú le chéile in éadan teifigh agus lucht iarrtha tearmainn, bhí brat An Dream Dearg le feiceáil ag an mhórshiúil frith-chiníoch i measc 50,000 duine sa phríomhchathair Dé Sathairn.

’Fáilte roimh theifigh, níl roimh chiníochas’ an teachtaireacht a bhí ag na Gaeil ó Glór na Móna.  Bhí an Ghaeilge le cloisteáil ar an ardán agus na haoichainteoirí ag labhairt.  Tógadh croí a bhí ann sa lá i ndiaidh na feirge a chuir an tseachtain den chiníochas ar dhaoine.

Tá sé ríthábhachtach go léiríonn muid dlúthpháirtíocht leo siúd ag fulaingt faoi chuing na daoirse ar an oileán seo agus go dtéann muid i ngleic leis an fhíorfhadhb: an Caipitleachas.  Mar a scríobh an pantar réabhlóideach, Fred Hampton, is fóthairge an chaipitleachais é an ciníochas:

“If you dare to struggle, you dare to win. We’re going to fight racism not with racism, but we’re going to fight with solidarity. We say we’re not going to fight capitalism with black capitalism, but we’re going to fight it with socialism.”

Scéal iomlán ar RTÉ

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button