FÉILE NA CARRAIGE 2019 SEOLTA
Ardmhéara Bhéal Feirste John Finucane i mBaile Uí Mhurchú ar maidin le Féile na Carraige a sheoladh
Bhí Ardmhéara Bhéal Feirste John Finucane i mBaile Uí Mhurchú ar maidin le Féile na Carraige, féile phobail an Uachtair Chluanaí a sheoladh. Tá an fhéile seo á reáchtáil ag Glór na Móna, eagraíocht phobail agus óige a dhéanann a cuid oibre ar fad trí Ghaeilge. Tá sé de rún ag an Fhéile spásanna a chruthú a chothaíonn athmhachnamh criticiúil agus cumhachtú pobail trí dhaoine a spreagadh le bheith gníomhach sna streachailtí a dhaingníonn an pobal thart orthu.
Ag é ag seoladh na féile, atá lán le himeachtaí ar nós scannán, léachtaí. Pléphainéal. Drámaí agus gigeanna, dúirt John Finucane, an tArdmhéara:
“Tá mé chomh sásta an fhéile iontach seo a sheoladh inniu. Is cinnte gur ceiliúradh cultúir é Féile na Carraige le ceoil, díospóireacht agus sult teaghlaigh. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Glór na Móna, as na hiarrachtaí ar fad a rinneadh leis an fhéile seo a ghlacadh chun solais agus mholfainn do gach duine le clár a thógail agus páirt a ghlacadh, mar go bhfuil rud éigin ann do chách sa chlár seo.”
Chomh maith leis sin, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, stiúrthóir na heagraíochta:
“Is é seo an 8ú Féile na Carraige agus roimhe seo féile deireadh seachtaine a bhí i gceist darbh ainm Féile Gaeilge le Bród. Tháinig fás as cuimse ar an fhéile agus tá Féile na Carraige anois greanta i bhféilire na bhféilte sa chathair.”
“Is iomaí téama atá ag féiltí sa chathair seo ach is téama na polaitíochta gan náire atá againn sa chlár seo chomh maith le fócas a dhíriú ar chleachtas daonlathas rannpháirtíochta a chothaíonn smaoineamh criticiúil, díospóireacht agus tógáil ar chomhghuaillíocht trasfheachtas; rud a thugann deis dúinn smacht a ghlacadh ar ár gcinniúint féin agus domhan níos fearr a shamhlú. Caitheann muid súil ar imeachtaí stairiúla ar mhaithe le spreagadh agus le ceachtanna a fhoghlaim agus leis an am i láthair a athchruthú, ní mar gheall ar cheiliúradh amháin.”
“Tá léachtaí, scannáin, drámaí agus pléphainéil againn a bheas ag plé topaicí cosúil le Gaeltacht Bhóthair Seoighe, leis an IRB agus Cogadh na Saoirse, stair na drámaíochta áitiúla trí shúil JustUs, agus na ceoltóirí áitiúla is fearr le Gig na Carraige i nGort na Móna Satharn na Féile. Creideann muid go bhfuil tábhacht ar Leith lenár bhféile ó thaobh dóchais de, go háirithe leis an ghéarchéim pholaitíochta atá ag titim amach thart orainn. Tá an fhéile oiriúnach sa mhórphlé atá ar siúl ar fud na tíre agus i sochaí na hÉireann ar cheist an Bhreatimeachta agus todhchaí na tíre s’againne. Léiríonn ár bhféile go bhfuil go dtig linne ár nguth a ardú maidir leis na saincheisteanna seo agus nach bhfuil sé ag brath ar éilít na polaitíochta. Tá muid ag ceistiú ar dhaoine páirt a bheith acu san fhéile seo, agus leis an scéal a scaipeadh.”