Gearrscannáin ár nDaoine Óga
![](https://www.glornamona.com/wp-content/uploads/2017/11/Alice-Leaids-780x405.jpg)
Seoladh trí ghearrscannán ag ár ndaoine óga Dé Luain 27/11/17 i nGael-Ionad Mhic Goill. Is tionscadal iontach é seo a rinne muid i gcomhair le The Young Foundation a thug tacaíocht iontach do Mhanus, Eoghan agus Conghaile i rith an ama.
Roghnaigh na daoine óga a scannán féin bunaithe ar:
Eoghan: An Cumann Óige
Léirigh Eoghan a ghrá don chumann Óige ina Scannán agus chuir sé agallamh ar a dheirfiúr óg, a chuir sí ar a mothúcháin agus í sa chumann.
Conghaile: Ceol na hÉireann
Chaith Conghaile cúpla lá ag dul thart ar an Cheathrú Ghaeltachta ag cur agallamh ar dhaoine áirithe maidir le Ceol na hÉireann. Is Scannán iontach greannmhar é seo a léiríonn scileanna iontach Chonghaile taobh thiar den cheamara.
Manus: An Stailc Ocrais
Is scannán thar a bheith tochtmhar é seo ina gcuireann Manus agallamh ar a athair, a chaith 48 lá ar stailc ocrais. Cuireann sé agallamh ar theaghlach a athar chomh maith ar thionchar na stailce ar an teaghlach chomh maith.
Beidh na scannáin ar fáil ar an tsuíomh gan mhoill.