Cumann Scannán Loch Lao
Cumann scannáin i mBéal Feirste ar mhaithe le hoideachas pobail ar bhonn sóisialta agus gníomhach trí mheán an scannáin agus comhrá.
Eagraíodh oícheanta scannáin faoi ainm an chumainn ó bhí 2015 ann. Roghnaítear scannáin éagsúla a chíorann mórcheisteanna ár linne in Éirinn agus in achan cearn den domhan le béim ar streachailt na cosmhuintire in aghaidh rachmais agus éagóra na huasaicme.
I mbliana, tá na scannáin seo a leanas feicthe ag an chumann:
- The Soviet Limerick
- Paris Is Burning
- Mná an IRA
- Stailc 1913
- Ukraine On Fire
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an chéad oíche scannáin eile, gabh i dteagmháil le eoghan@glornamona.com nó scairt ar uimhir na hoifige 02890234442.