Féile na Carraige

Féile na Carraige 2017

Agus muid ag pleanáil Fhéile na Carraige 2017, bhí Gaeil Uachtar Chluanaí ag machnamh ar bhliain d’fhás leanúnach, d’fhorbairt agus de ghnímh, ach bliain inar buaileadh muid le neart constaicí agus dúshlán chomh maith. Gríosaíodh agus rinneadh polaitiú ar ghlúin úr de Ghaeil radacacha i Márta na bliana seo nuair a baineadh ár maoiniú óige. Mar thoradh air sin, d’eagraigh na daoine óga sin cruinniú plódaithe pobail mar aon le hagóid suí isteach ag oifig an Údaráis Oideachais.

Spreag an agóid úd athrú intinne ó lucht na cumhachta agus tugadh ar ais agus cuireadh leis an mhaoiniú i ndiaidh cúpla seachtain. Léirigh sin go dtig le gnáthdhaoine rudaí a athrú le leas an phobail agus go gcothaíonn gníomh frithbheartaíochta muinín agus polaitíocht an dócháis.

Tugann an feachtas sin léiriú beacht ar Ghlór na Móna agus cuireann sé in iúl cad é dó a seasann Féile na Carraige. Dúinn, is ionann an saol pearsanta agus polaitiúil agus a mhalairt. Tá muid den bharúil go dtosaíonn sé seo inár bpobal le hathghabháil na Gaeilge. Mar eagraíocht agus mar phobal, tá muid ar maos sa traidisiún phoblachtánach le leas an phobail atá le sonrú go foirfe i bhforógra radacach na bhFíníní agus déanfar comóradh 150 bliain ar Éirí Amach na bhFíníní 1868 ag imeacht bliantúil de scéalta ‘s d’amhráin in ómós Harry Holland.

Cé acu oidhreacht fhorásach réabhlóideach Ernesto ‘Che’ Guevara, a dúnmharaíodh go díreach 50 bliain ó shin i mí Dheireadh Fómhair; streachailt na mban san am mar a bhí agus mar atá; an cath neamhchríochnaithe ar son an díchoilínithe streachailt an lucht oibre i gcoinne an ocrais agus an chruacháis sna 1930í nó na tuméachtaí ceannródaíocha teanga a bhain cimí poblachtacha amach i nGaeltacht na Fuiseoige sa Cheis Fhada sna 1990í, agus tá mana ár bhféile, Páirteachas, Polaitíocht agus Pobal i gcroílár na rudaí sin luaite.

Tugann ár dtiomantas leanúnach, a théann i ngleic le gníomhchleachtas athmhachnamhach agus le hathnuachan, an spreagadh dúinn tograí úra a bhunú ar nós Suí ‘s Scíth atá dírithe ar thuistí agus ar thachráin atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge sa bhaile, gan trácht ar an fhreastal ar mhiantaí ár ndaoine óga chun a saol a chaitheamh trí Ghaeilge leis an dlúthbhaint atá againn le bunú Ógchumann Laochra Loch Lao.

Cuirfear seo ar fad os comhair an phobail i seachtain cheiliúrtha na Féile. Tá sé de rún ag Féile na Carraige dúshlán agus misneach a thabhairt chomh maith leis an líon is mó daoine áitiúla a mhealladh a chothóidh cultúr dearfach de dhlúthpháirtíocht agus de chomhoibriú daonna, mar aon le seachtain shultmhar de chraic a chur ar fail.

Tá Féile na Carraige fite fuaite sa phobal áitiúil a thugann ardán do ghníomhaithe níos óige agus na tograí pobail nuálach a d’fhorbair go horgánach ó ghluaiseacht teanga atá tiomanta ar son athrú sóisialta.

Ar deireadh thiar thall, is ar mhaithe le tógáil na poblachta san áit a seasann muid, ag tosú i gcónaí lenár ndualgas go háitiúil agus go dúchasach, atá san Fhéile seo agus san obair a dhéanann muid.

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!

 

Clár Fhéile na Carraige 2017

Back to top button