Ranganna Gaeilge
Tá lúchair ar Glór na Móna cur in iúll daoibh fo bhfuil téarma úr d’ranganna Gaeilge le tosú arís. Beidh ranganna i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh (Bóthar Bhaile Uí Mhurchú), bunrang leibhéal 1 ag 9:30rn gach maidin Chéadaoin ag tosú Céadaoin 14ú de mí Eanáir. Beidh bunrang leibhéal 2 ag titim amach ag 18:00 ar Chéadaoin chomh maith.
Beidh ranganna Gaeilge againn i nGaelscoil na Móna (1 Nasc na Móna) gach oíche Mháirt 19:00-20:30 agus beidh tús curtha leis an téarma úr ar an 20ú Eanáir. Tá réimse ranganna ar an oíche Mháirt lena n-airítear bunrang, meánrang íochtarach agus uachtarach chomh maith le hardrang.
Eascaíonn na ranganna Gaeilge foghlaim agus forbairt scileanna teanga agus cumasú sa Ghaeilge i dtreo líofacht. Cosnaíonn na ranganna ar fad £30 ar feadh cúrsa 15 seachtaine.
Eagrófar imeachtaí eile i rith na bliana chun tacú le fhorbairt teanga ár bhfoghlaimeoirí chomh maith idir turais Gaeltachta agus dianchúrsaí, deán cinnte go nglacann tú an chéad chéim i dtreo líofachta.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar na ranganna, deán teagmháil le Brónagh ar 90 234442 nó oifig@glornamona.com.