Ranganna Gaeilge Ghlór na Móna ar thuras allamuigh leis na Gaeil sna Beanna Boirche
Tá breis agus caoga duine ag freastal ar ranganna Gaeilge Ghlór na Móna i mbliana, ó cuireadh tús leis na ranganna arís i mí Mheán an Fhómhair. Ag an deireadh seachtaine, thaisteal mic léinn agus múinteoirí le chéile chuig na Beanna Boirche fá choinne turais ag nascadh an phobail leis na Gaeil atá gníomhach gnóthach ag obair ar son na teanga sna sléibhte i gcontae an Dúin. Nuair a bhain muid na Beanna Boirche amach, bhuail muid le saineolaí áitiúil, Pól Ó Raigheallaigh, in Áth na Long. Shiúil muid leis ar an chósta, ag éisteacht leis agus é ag míníú stair an chuain agus an mhuilinn arbhair, agus ag amharc ar an fharraige. Chuir Pól síos ar thírdhreach na háite, ag míníú geolaíocht an cheantair i nGaeilge.
Bhuail muid isteach chuig Caifé na Mara a dhíolann deochanna agus scónnaí den scoth trí mheán na Gaeilge, agus a sholathraíonn fostaíocht leanúnach do chúntóirí ranga ó na gaelscoileanna áitiúla, a oibríonn sa chaifé i rith laethanta saoire na scoileanna. Labhair Oifigeach Forbartha Teanga, Ruairí Ó Donnáin, linn sa tseomra teaghlaigh, a bhí lán áiseanna lámhdhéanta, ag insint scéil fá athbheochán na teanga sa cheantar. Tá ranganna Gaeilge, cumainn óige, grúpaí do theaghlaigh, feachtais, cumainn spóirt, Caifé, cumann leabhar, aonaigh, maidineacha caife agus leabharlann úr acu, chomh maith leis na nascanna atá ag an Ionad le scoileanna agus cumainn in earnáil an Bhéarla. Labhair sé fán tábhacht a bhaineann le pobal a chothú, agus an dóigh anois a bhfuil an teanga ag scaipeadh sa cheantar, agus a bhfuil daoine nua ag teacht fríd an doras achan uile seachtain.
Thiomáin muid ansin go Gleann an Chiúnais agus ar aghaidh go Pointe Chreamhchoille, ag béal Loch Cairlinn. Chuir Pól síos ar an teach solais Haulbowline a bhí romhainn agus mhínigh sé ainm an bhóthair – Bealach na Meiricéanach – ag taispeáint griangraif cártlainne ón darna chogadh domhanda dúinn, a léiríonn an t-aeradróm ollmhór a thóg na Poncaigh ar an trá.
Bhí lón amuigh faoi bhéal an aeir againn ag Caisleán na hOireanaí, caisleán a thóg na Normannaigh breis agus ocht gcéad bliain ó shin. Bhí an t-ádh orainn gur tháinig Gaeilgeoir áitiúil, Cormac, chugainn; d’inis sé scéalta dúinn fán stair chasta atá ag an chaisleán, fite fuaite le stair dhaoine mór le rá, de Courcey agus Robert the Bruce san áireamh, chomh maith le stair níos déanaí den áit: bhí aonach mór ann, bliain i ndiaidh bliana, agus gabhar mór i mbosca ar bhallaí an chaisleáin mar rí an aonaigh!
Thiomáin muid fríd Áit Tí Chathail, ag foghlaim fá na sléibhte, suas go Speilgeach, agus ansin go Lóiste an Mhaoir Seilge. Thosaigh muid ag siúil agus dhreap muid, ag caint i nGaeilge i measc radharcanna galánta, agus Pól ag míníú lorga na hoighearaoise atá go fóill infheicthe ar an tírdhreach. I ndiaidh na siúlóide, stad muid ag teach Jarlath, fear uasal a bhfuil réimse tarracóirí agus carranna den tseandéanamh atá deisithe aige, agus a bhí fial flaithiúil lena chuid ama.
Faoi dheireadh, tháinig muid ar ionad pobail i Muine Darach, ina raibh béile blasta ullmhaithe dúinn – anraith, stobhach, réimse arán úr – deochanna, milseoga agus eile, Gaeilgeoirí ón cheantar áitiúil agus ceoltóirí a sheinn poirt agus foinn go deireadh na hoíche. Chuir múinteoir Ghlór na Móna, Breanda Uí Chléirigh, cuireadh ar phobal Ghaelach na mBeanna Boirche teacht chugainn. Beidh fearadh na fáilte rompu uilig!
Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le muintir na mBeanna Boirche a chuir fáilte is féile romhainn, ach le Ruairí, Cormac, Jarlath, Cathal, Margaret, Marie-Claire, Róisín, agus Cathleen go háirithe. Tá muid uilig fíorbhuíoch do Phól Ó Raigheallaigh atá ina laoch – is dlúthchara de chuid Ghlór na Móna anois é!
Más maith leat féin páirt a ghlacadh i ranganna Ghlór na Móna, gabh i dteagmháil le caoimhenc@glornamona.com!