Scoil Gheimhridh Uí Chadhain 2024
Ainmnithe ina dhiaidh an Gaeilgeoir agus poblachtánach sóisialach radacach, Máirtín Ó Cadhain, don 2ú bliain i ndiaidh a chéile eagraíodh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain. Is é an aidhm atá againn ná chun ardán daonlathach agus ionchuimsitheach a chuir ar fáil do ghníomhaithe ó réimse d’fheachtais an phobail ar mhaithe le hÉire úr bunaithe ar na focail faire ‘Fuascailt, Comhionannas agus Dlúthpháirtíocht’.
Tá an comhrá maidir le hÉire Aontaithe ag bailiú nirt diaidh ar ndiaidh. Tá sciarannna leathan den phobal anois páirteach sa díospóireacht fud fad an tsochaí maidir le todhchaí bunreachtúil na tíre agus beidh brú de dhíth le cinntiú go bhfuil miantaí agus aisling na pobail ar an imeall lárnach sa chomhrá níos leithne sin.
Tá lúcháir an domhain orainn go mbeidh Clare Daly MEP, Bríd Smith TD agus Chris Hazzard MP linn ar an phríomhphainéil Dé Sathairn 27ú Eanáir faoin teideal ‘Ag Tógáil Éire Nua ach ar son cén aicme?’ chomh maith le haoichainteoir na scoile, Mansoor Adayfi i gcomhrá le Clare Daly maidir leis an fheachtas ‘Druid Guantanamo Bay’. B’íospartach céastóireachta é Mansoor ar feadh 14 bliain faoi chois ag Meiriceá i gCuan Guantanamo agus tá an t-ádh dearg orainn go mbeidh a leithid linn ag an Scoil Gheimhridh. Beidh oíche spraoimhar cheoil ar son na Palaistíne an oíche sin chun airgead a bhailiú do mhuintir Gaza – bígí linn.
Ar mhaithe le tuilleadh eolais, teagmháil:
Eoghan Ó Garmaile
Oifigeach Tionscadail Pobail
eoghan@glornamona.com
Na póstaeir ar fad: